|
Comhchoiste Ghaeltacht Uibh Ráthaigh |
|
Ar scáth a chéile a mhairimíd in Uibh Ráthach |

|
Eolas Fúinn |
|
Bunaithe i 1998, is scáth ghrúpa des na coistí forbartha pobail ar fud na Gaeltachta in Uibh Ráthach é an Comhchoiste. Sé ráiteas misin an Chomhchoiste ná “Forbairt na Gaeilge agus an phobal Gaeltachta in Uíbh Ráthach”. Is féidir obair an Chomhchoiste a roinnt i dtrí mhór roinn - ¨ Cur chun cinn na Gaeilge ¨ Forbairt Pobail ¨ Soláthar Seirbhísí Táimid ag obair anois chun na spriocanna atá leagtha síos againn dúinn féin in ár bplean trí bliana a bhaint amach. Ar an 04/02/2010 dhein Pádraig Ó hAoláin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta láinseáil oifigiúil ar Phlean an Chomhchoiste ag ocáid sa lár ionad oifige.
Baill & Aíonna an Chomhchoiste ag láinseáil Plean 2009-2011 Brian Ó Riordáin, Micheál Ó Braonáin, Oilibhéar Ó hIarfhlaithe, Annemarie Nic Gearailt, Eibhlín Mhic Giolla Phádraig, Séamus Cosaí Mac Gearailt, Bríd Ní Mhoráin, Éamonn Ó Neachtain, Pádraig Ó hAoláin, Micheál Ó Leidhin.
Oibríonn an Chomhchoiste as an Lár Ionad Oifige nua i gCeann Eich. Breis eolais faoin áis seo tríd an nasc seo a leanas: Lár Ionad Oifige & Ionad Seirbhísí Teanga Uíbh Ráthaigh
Tá Bord an Chomhchoiste déanta suas de ionadaithe ón gcúig choiste pobail Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta . Siad baill an Chomhchoiste ná: ¨ Bríd Ní Mhóráin—Cathaoirleach (Cathair Dónall) ¨ Eibhlín Mhic Giolla Phádraig—Leas Chathaoirleach (Cumann Bhríde) ¨ Micheál Ó Braonáin—Rúnaí (Cill Rialaig) ¨ Mairéad de Brún (Baile ‘n Sceilg) ¨ Cliona Ní Bhraonáin (Baile ‘n Sceilg & An Gleann) ¨ Brian Ó Riordáin (An Dromod) ¨ Micheál Ó Sé (An Dromod) ¨ Seán Ó Clumháin (An Coireán) ¨ Annemarie Uí Chonchúir (Údarás na Gaeltachta)
Tá foireann mhaith curtha le chéile ag an gComhchoiste thar na blianta chun spriocanna na heagraíochta a bhaint amach. Seo a leanas na daoine atá ag obair linn faoi láthair: ¨ Caitlín Breathnach—Bainisteoir ¨ Eimear Ní Mhurchú– Bainisteoir Cúnta ¨ Diarmuid Ó Sé—Saoiste SST 23 fostaithe ar an Scéim Shóisialta Tuaithe ¨ Pádraig Ó Braonáin—Saoiste SFP 18 fostaithe ar an Scéim Fostaíochta Pobail ¨ Micheáillín Uí Shúilleabháin—Riarthóir CSP ¨ Liz Scanlon—Rúnaí Oifige ¨ Mairéad Ní Mhathúna—Rúnaí Oifige ¨ Madeleine Nic Giolla Phádraig—Cuairteoir Baile & Teagascóir Gaeilge ¨ Bridie Uí Shúilleabháin—Cuntóir Teanga ¨ Patricia Ní Shúilleabháin— Comhordnóir na gCampaí Samhraidh ¨ Peter Mullarkey—Binneas ¨ Seán Garvey—Binneas ¨ Laura Ní Chonroí—Cuntóir Seirbhísí na Aosánaigh (Baile ‘n Sceilg) CSP ¨ Lee Uí Chonchúir—Cuntóir Níolainne páirt aimsire (Baile ‘n Sceilg) CSP ¨ Monique Fennell—Comhórdnóir Pobail páirt aimsire (An Gleann) CSP ¨ Marianne van den Hove— Cócaire páirt aimsire (Cathair Dónall) CSP ¨ Pádraigín Ní Mhurchú—Comhórdnóir Pobail páirt aimsire (C Dónall) CSP ¨ Áine Uí Bheoláin—Comhórdnóir Pobail páirt aimsire (Cathair Dónall) CSP ¨ Nóirín Uí Churráin—Comhórdnóir Pobail páirt aimsire (Cathair Dónall) CSP & Cuntóir Níolainne páirt aimsire (An Dromod) CSP
Táimid i gcónaí ag iarraidh barr feabhais a chur orainn féin mar eagraíocht agus faoi láthair tá grúpa oibre inmheánach ag obair go dian agus é mar aidhm againn an gradam Excellence Through People a bhaint amach. Is gradam dea-chleachtais é seo a bhaineann le bainistiú acmhainní daonna na heagraíochta atá á riaradh ag FÁS go háisiúnta. We are continually striving to improve the way we operate and to this end an internal group are preparing an application for the Excellence Through People programme; a human resources best practice scheme being run by FAS. |

