|
Comhchoiste Ghaeltacht Uibh Ráthaigh |
|
Ar scáth a chéile a mhairimíd in Uibh Ráthach |

|
Tá Forbairt Pobail lárnach in obair an Chomhchoiste, agus sinn ag díriú don chuid is mó ar thograí go bhfuil buntáistí iontu dos na pobail Ghaeltachta éagsúla in Uíbh Ráthach. |
|
Iniúchadh fuinnimh déanta ar fhoirgintí pobail agus mionoibreacha caipitil déanta dá réir. Staidéar déanta ar fhuinneamh inathnuaite sa cheantar agus tithe inslíthe i gcomhar le Cunamh Energy Action & Údarás na Gaeltachta. Ar ghearrliosta do dhuais i gcomórtais Bord Gais 2010. |
|
Foireann de 23 fostaithe faoi stiúr Dhiarmuid Uí Shé agus iad ag obair ar thógraí éagsúla sa Ghleann, i mBaile ‘n Sceilg, sa Dromod, sa Ghleann Mór, sa Choireán agus i gCathair Dónall. Béiltí á ullmhú do sheandhaoine, obair chothabhála agus tírdhreachtú agus seirbhísí riachtanacha eile á sholáthar. |
|
Bunaíodh an scéim bhainistiú dramhaoile seo i 2006 agus tá freastal á dhéanamh ar 6 phobal anois—Cathair Dónall, Baile ‘n Sceilg, An Dromod, An Coireán, an tSnaidhm agus na Cealla. Málaí athchúrsála ar díol sna siopaí áitiúla. Community waste management system operates in 5 areas |
|
Cheadaíodh deontas faoi scéim na gCuntas Díomhaoin don Chomhchoiste chun bus atá in oiriúint do phaisinéirí le míchumas a cheannach. Beannaíodh an bus ar an 12.07.07 agus ó shin i leith tá sí ag tabhairt grúpaí daoine isteach go dtí na hIonaid Lae le haghaidh béiltí agus seirbhísí eile, i gcomhar le hIompar Pobail Chiarraí |
|
Bíonn ranganna oiliúna ar siúl i rith na bliana againn, dírithe ar riachtainis aitheanta oiliúna sa cheantar. Táimid aitheanta mar ionad FETAC agus mar chomhlacht oiliúna ag FÁS. Tá dhá mhór chúrsa ar siúl sa Dromod faoi láthair—Gnó agus Cúram Sláinte, maoinithe ag BTEI agus Labour Market Activation Fund. Public training courses organized throughout the year. |
|
Fuinneamh—Energy |
|
Bus Pobail—Community Bus |
|
Scéim Bhrúscair Uíbh Ráthaigh |
|
Scéim Shóisialta Tuaithe-Rural Social Scheme |
|
Ranganna Oiliúna-Training & Classes |
|
Forbairt Pobail & Soláthar Seirbhísí |











|
Scéim Fostaíochta Pobail-FAS CE Scheme |
|
Tá 18 fostaithe ar an SFP faoi stiúr Phádraig Uí Bhraonáin agus iad ag obair ar thógraí leis na coistí pobail sa Ghleann, agus i mBaile ‘n Sceilg, comh maith le Tógra Chill Rialaig - tearmainn do ealaíontóirí agus siopa ceardaíochta agus dánlann atá lonnaithe i mBaile ’n Sceilg. Ina theannta san, tá triúr ban ar an scéim ag tabhairt seirbhís ’respite care’ do theaghlaigh sa cheantar i gcomhar le Cumann na gCúraimeoirí (Carer’s Association) . |
|
Clár Seirbhísí Pobail– Community Services Program |
|
Scéim í seo a thosnaigh i Mí na Nollag 2007 chun na seirbhísí atá ar fáil do shean daoine sa cheantar a leathnú agus a threisiú. Tá foireann páirtaimseartha de seisear ar bord ag an bpointe seo agus iad ag déanamh comhórdnóireachta pobail, cócaireacht, riaracháin agus ag cur seirbhís níolainne ar fáil sna pobail Gaeltachta. |
|
Bealaí Siúlóide na Sceilige-Walking Routes |
|
Gréasán de bhealaí siúlóide aitheanta ar fuaid na dúthaí agus lámhleabhar foilsithe, rud atá ar fáil sna siopaí áitiúla. Tá súil againn go mbeidh dhá lúbán sa bhreis á chur leis an ngréasán seo go luath le tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta, Fáilte Éireann, Páirtnéaracht Forbartha Chiarraí Thiar Theas agus an National Trails Council. Handbook to 10 local walks available locally; work ongoing on two new looped walks. |


|
I 2010 dhein Comhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh ionadaíocht ar son an chontae i gcomórtas náisiúnta Pride of Place. Deineadh moltóireacht sa cheantar i Mí Meitheamh agus bhí bronnadh na nduais ar siúl i gCo na Mí i lár Mí na Samhna. Bhíomar ar an ngearrliosta in ár rannóg daonra, ach faraoir níor eirigh linn duais a thabhairt abhaile linn an uair seo! Ba mhaith linn buíochas a ghabháil leis an bpobal áitiúil agus leis an bhfoireann ar fad as ucht a gcuid tacaíochta agus a gcuid cabhrach in ullmhú don mholtóireacht seo. Murach sibhse ní bheadh sé seo bainte amach in aon chor! Comhchoiste was one of three groups nominated to represent Kerry in the all Ireland Pride of Place competition in 2010. Adjudication for the competition took place in June and results were announced at a ceremony in Meath in November. Despite being shortlisted in our population category, we weren’t lucky enough to bring home a prize on the night! Thanks to everyone throughout the local community and to all the staff for their ongoing help and support without which these opportunities would not be open to Uíbh Ráthach! |
|
Pride of Place 2010 |

