|
Comhchoiste Ghaeltacht Uibh Ráthaigh |
|
Ar scáth a chéile a mhairimíd in Uibh Ráthach |

|
Tá cur chun cinn na Gaeilge ar fuaid Uíbh Ráthaigh fíor thábhachtach don Chomhchoiste agus tús áite ag an cúram seo i gclár oibre na heagraíochta. Táimid ag obair de shíor chun barr feabhais a chur ar an mhéid Gaeilge atá á labhairt sa cheantar mar go bhfuil an pobal seo ana bhródúil as an stádas mar cheantar Ghaeltachta atá againn ó 1956 ar aghaidh |
|
Don chéad uair riamh, bhí coláiste samhraidh do mhic léinn tríú leibhéal ar siúl in Uíbh Ráthach i Mí Iúil agus Mí Lúnasa 2009. Bhuaigh an Comhchoiste an conradh don choláiste seo go déanach i 2008, agus tá áthas an domhain orainn go mbeidh mic léinn Hibernia ag teacht arís go dtí an cheantar ón 16ú Iúil go 6ú Lúnasa 2011. Meastar go mb’fhiú €1m an tógra seo don cheantar arís i 2010, agus 400 scoláire mar aon lena gcuid dteaghlaigh ag cur futhú sa cheantar ar feadh trí seachtainní. I mbliana bhí breis is 100 tithe féin fhreastal curtha in áirithint dóibh agus gnó á dhéanamh acu sna siopaí, bialainn, tithe tábhairne áitiúla. Níl amhras ná gur chuir teacht na scoláirí seo dlús úr faoin dteanga sa cheantar, agus tá súil againn go mbeidh fás agus forbairt ar an dtionchar dearfach seo i leith na Gaeilge le mothú sa cheantar sna blianta atá le teacht. . |
|
Is tógra nua é seo atá ag tosnú i Mí Eanáir 2010 atá dírithe ar an nGaeilge a chur chun cinn i measc gnónna Uíbh Ráthaigh. Á tiomáint ag Coiste Gaeilge 2010 (fo choiste de chuid an Chomhchoiste) beifí ag súil leis an nGaeilge a dhéanamh níos feiceáileach ar fuaid na Gaeltachta agus an ceantar mágúird mar thoradh leis an dtógra áirithe seo. Beidh tacaíochtaí éagsúla ar nós ranganna Gaeilge, comhairle mar gheall ar chomharthaíocht srl. á chur ar fáil dos na gnónna agus a gcuid fóirne. Beidh brándáil comtháite á dhéanamh ar an dtógra tríd an cheantair ionas go mbeidh fhios ag daoine, idir chuairteoirí agus gnáth phobal na háite, cad hiad na gnónna atá páirteach agus céard hiad na háiteanna ina bhfuil fáilte roimh an Ghaeilge mar theanga gnó. Tá tógraí cosúil leis seo á thosnú ag pobail Gaeltachta eile – tá aitheantas faoi leith tuillte ag grúpa Chorca Dhuibhne ag Caint a leag síos an choinceap ar dtús . New initiative to encourage local business to use more Irish with the public |
|
Campaí a mhaireann ar feadh seachtaine dírithe ar imeachtaí trí Ghaeilge do leanaí idir 7—12 bliana d’aois comh maith le déagóirí agus leanaí 4-6 bliana. D’fhreastal 55 leanbh ar champaí 2010. Irish camps for children of all ages throughout the summer months. |
|
Tá seirbhís cuairteoireachta bhaile Gaeilge ar siúl sa cheantar i gcomhar le Oidhreacht Chorca Dhuibhne agus Foras na Gaeilge. Sé atá i gceist leis seo ná go dtéann cuairteoir go dtí an tigh chun labhairt leis an dteaghlach i dtaobh na Gaeilge mar theanga labhartha an tí agus chun cabhrú leo i slite praiticiúla chun an aidhm seo a bhaint amach. Chun iarratas a dhéanamh ar an seirbhís don scoil bhliain 2010/2011 déan teangmháil leis an oifig roimh 30/09/2010 |
|
Campaí Samhraidh |
|
Cuairteoireacht Bhaile |
|
Coláiste Samhraidh—Coláiste Hibernia |
|
Uíbh Ráthach ag Caint |
|
An Ghaeilge |





|
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta |
|
Tá ranganna Gaeilge ar leibhéil éagsúla ar siúl ag an gComhchoiste in ionaid éagsúla sa cheantar le linn na bliana idir ranganna TEG agus FETAC. |
