Comhchoiste Ghaeltacht Uibh Ráthaigh

Ar scáth a chéile a mhairimíd in Uibh Ráthach

Údarás na Gaeltachta

Tá Údarás na Gaeltachta freagrach as forbairt na Gaeltachta.  Tá cúramaí fiontraíochta, fostaíochta agus teangan idir lámha acu comh maith le ról láidir forbartha pobail. 

 

Nascanna le Eagraíochtaí Gaolmhara

Anseo thíos tá nascanna le eagraíochtaí a thugann tacaíochta don Chomhchoiste agus le eagraíochtaí eile sa cheantar atá ag freastal ar phobal Uíbh Ráthaigh.

Táimid buíoch dos na heagraíochtaí uilig a chabhraíonn linn chun ár spriocanna a bhaint amach ar leas an phobail anseo i ndeisceart Chiarraí

Meitheal Forbartha na Gaeltachta

Eagras forbartha dos na ceantair Gaeltachta é MFG, le ról láidir i dtaobh iniatachta shóisialta.  Siad MFG comhlacht LEADER na Gaeltachta.

Foras na Gaeilge

Tá Foras na Gaeilge freagrach as cur chun cinn na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht ar fud na tire.  Tá nasc ar an suíomh seo le “Focal.ie”; foclóir ar-líne Béarla—Gaeilge.

An Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe & Gaeltachta

Ar suíomh na Roinne seo tá teacht agat ar eolas i dtaobh na Gaeltachtaí ar fad agus ar scéimeanna éagsúla atá ar fáil uatha—Scéim Labhairt na Gaeilge, Scéimeanna faoi Acht na dTithe, Scéim na mBóithre Áise.

Forbairt na Dromoda

Eolas mar gheall ar cheantar na Dromoda—ceann des na ceantair Ghaeltachta anseo in Uibh Ráthach.

Tech Amergin

Ionad aos-oideachais de chuid Sheirbhís Oideachais Chiarraí sa Choireán.  Réimhse leathan ranganna ar siúl sa Tech i rith na bliana agus amharclann den scoth mar chuid des na háiseanna ar fáil ann.

Pobal

Is é misin Pobal ná iniamh sóisialta, athmhuintearas agus comhionannas a chur chun cinn trí fhorbairt áitiúil sóisialta agus geilleagair.

Buíochas

Ba mhaith leis an gComhchoiste buíochas a ghabháil leis na heagrais éagsúla seo a leanas a thacaíonn linn le linn na bliana, ag cur comhairle agus tacaíochtaí éagsúla praiticiúla dúinn, comh maith le maoiniú dos na míreanna éagsúla d’ár gclár oibre.

 

¨ An Chomhairle Ealaíon

¨ An Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe & Gaeltachta

¨ An Roinn Oideachais & Eolaíochta (BTEI)

¨ Coláiste Hibernia

¨ Conradh na Gaeilge

¨ Comhairle Contae Chiarraí

¨ FÁS

¨ Feidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte

¨ Foras na Gaeilge

¨ Iompar Pobail Chiarraí

¨ Meitheal Forbartha na Gaeltachta

¨ Pobal

¨ Seirbhís Oideachais Chiarraí

¨ Skillnet Gaeltachtaí na Mumhan

¨ South Kerry Skillnet

¨ Údarás na Gaeltachta