Ciste Beag Ealaíon 2025: Oscailte Anois

 Fáilteofar roimh iarratais roimh 5 i.n. 7ú Bealtaine 2025.

Ag tógaint ar ar baineadh amach le linn 2024, tá glaoch nua á fhógairt anois – Ciste Beag Ealaíon 2025 a thabharfaidh breis tacaíochta do ghrúpaí agus d’ealaíontóirí lena gcuid tuairimí a fhás, a gcuid tograí ealaíona a fhorbairt agus chun deiseanna nua a shamhlú agus a cheapadh a chuirfidh tuilleadh dlúis faoi imeascadh agus caidreamh sa phobal.

 Cumas Ceantar Ciste Beag Ealaíon 2025

Tá an ciste beag maoinithe seo do na healaín pobalbhunaithe á fhógairt chun tacú le tograí ealaíon agus cultúrtha a bheidh nuálaíoch, cruthaitheach agus dírithe ar an bpobal áitiúil, chun bonn níos láidre a chur faoin gcomhcheangal agus faoin gcaidreamh atá ag muintir an háite lena chéile agus lena n-áit dúchais.

Tá an ciste beag oscailte anois le síol-chiste de luach suas le €20,000 á chur ar fáil do mhuintir Uíbh Ráthaigh. Is féidir iarratas a dhéanamh ar chabhair airgid idir íosmhéid de €250 agus uasmhéid de €2,000 ag brath ar riachtanais agus uaillmhian an togra. Beidh an rogha ann i gcónaí gan aon bhronnadh a dhéanamh mara n-oireann na hiarratais a chuirtear faoi bhráid.


Cé dó é seo?

Sa chéim seo dár gCiste Beag, cuirfimid fáilte ar leith roimh iarratais ó dhaoine ag obair le grúpaí pobail chun gníomhaíocht ealaíne a mhéadú, eispéiris roinnte a chothú, agus rannpháirtíocht fhónta a chruthú. Féadfaidh an ciste seo tacú le forbairt tionscadail atá tosaithe cheana féin agus atá réidh don chéad chéim eile, nó cabhrú le do ghrúpa pobail rud nua a thosnú—imeacht beag, ceardlann, nó gníomhaíocht chruthaitheach. Féadfaidh sé comhoibriú le healaíontóir nó cleachtóir cruthaitheach a éascú, rud a chuirfidh ar do chumas dul i dteagmháil le saineolas seachtrach, meantóireacht a fháil, agus ábhair riachtanacha nó trealamh a fháil. Cibé acu is tionscadal úrnua é nó leanúint d’obair atá ann cheana féin, ba chóir go léireodh d’iarratas go soiléir conas a chabhródh an ciste seo le forbairt, le cothú agus le fás an tionscadail. 

Ní bhíonn comhoibriú le grúpa pobail riachtanach; beidh tosaíocht á tabhairt, áfach, do na hiarratais ina mbeidh grúpa pobail san togra. Ní mór d’iarratasóirí cead a bheith acu ón ngrúpa pobail agus ainm agus sonraí teagmhála príomhtheagmhálaí ón ngrúpa a sholáthar.

Fáiltímid go háirithe roimh smaointe nó tionscadail a bhfuil an Ghaeilge chun tosaigh iontu.


Cé gur cheart dóibh iarratas a dhéanamh? 

Is do mhuintir Uíbh Ráthaigh idir na Cealla agus Cuan an Chaisleáin an ciste forbartha ealaíon seo – grúpaí nó daoine aonair atá curtha fúthu anseo nó atá ag obair anseo. Tá an tacaíocht dírithe ar thograí a chuirfear ar bun anseo agus a raghaidh chun leasa muintir na háite. Tá an ciste seo oiriúnach do ghrúpaí, eagrais nó d’ealaíontóirí ach suim a bheith acu tabhairt faoi thogra nua cruthaitheach. Is é an pobal croílár choincheap Cumas Ceantar agus caithfidh smaointe a bheith oscailte d’ionchur na ndaoine áitiúla agus baint a bheith acu leo.


 Conas iarratas a dhéanamh:

1. Tóg suntas don fhoirm iarratais ina bhfuil cur síos tugtha ar na treoirlinte agus ar na riachtanais faoi mar a bhaineann leis an scéim.

2. Dein do mhachnamh ar do thogra ealaíon agus ar cad ba mhaith leat/libh a bhaint amach

3. Déan teagmháil leis an gcomhordaitheoir Síomha Brock ag ealain@comhchoiste.ie má tá aon cheisteanna agat maidir leis an gciste seo.

4. Líon isteach an fhoirm iarratais

5. Seol an t-iarratas críochnúil ar aghaidh go dtí  ealain@comhchoiste.ie roimh 5 i.n. Dé Céadaoin 7ú Bealtaine 2025

Próiseas roghnúcháin

Déanfar iarratais a mheas agus is painéal a dhéanfaidh an roghnú ar a mbeidh ionadaithe ó Chumas Ceantar, ealaíontóir agus ionadaí pobail'agus is é painéal a dhéanfaidh an roghnú ar a mbeidh ionadaithe ó Chumas Ceantar, ealaíontóir agus ionadaí pobail.


Cumas Ceantar Uíbh Ráthach

Tá stádas Cumas Ceantar bronnta ag an gComhairle Ealaíon ar Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh agus ar an gceantar máguaird. Tá an clár forbartha trí bliana ar bun sa cheantar ó mhí Eanáir 2024 agus leanfaidh sé ar aghaidh go dtí Eanáir 2027. Lena linn beimid ag obair le healaíontóirí agus le pobail áitiúla chun cultúr ealaíon pobalbhunaithe a shaibhriú agus a bhuanú ar mhaithe le pobail uile Uíbh Ráthaigh. 

I rith na tréimhse taighde agus forbartha de chuid chlár Chumas Ceantar i 2023, osclaíodh Ciste Beag Ealaíon ar mhaithe le deiseanna a chur ar fáil do mhuintir na háite chun tuairimí nua a fhás agus chun tograí chruthaitheacha a fhorbairt a chuaigh chun leasa an cheantair. De bharr éilimh ón bpobal, d'osclaíomar an Ciste arís in 2024 agus d’éirigh linn tacaíocht a thabhairt do raidhse tograí éagsúla, ina measc filíocht sna scoileanna, ceardlanna potadóireachta, taispeántais ealaíne, féile an fhocail labhartha, ceardlann tógála bád, ealaín ar an dtráigh, ócáidí ‘mic’ oscailte, togra ceoil don bpobal agus cuireadh tús le cosán ceoil a leathnóidh ar fuaid na leithinise  – i measc rudaí eile!


Fáilteofar roimh iarratais roimh 5in Dé Céadaoin, 7ú Bealtaine 2025.


Cumas Ceantar