PLEAN TEANGA CHIARRAÍ THEAS
Brí Uíbh Ráthaigh
Plean Teanga Chiarraí Theas
Is í príomhaidhm Phlean Teanga Chiarraí Theas 2019-2026 ná cur le forbairt Uíbh Ráthaigh trí úsáid na Gaelainne a mhéadú sa cheantar.
Léiríonn daonáireamh 1851 go raibh Uíbh Ráthach i measc na ceantracha i láidre ó thaobh labhairt na Gaelainn, níos láidre, mar shampla, ná Corca Dhuibhne.
Léiríonn daonáireamh 1926 go bhfuil 74% ina gcainteoirí Gaelainn i gCeantar Tuaithe Chathair Saidhbhín. Níos déanaí, áfach, tháinig ladhdú tapaidh ar Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh.
Tá líon na gcainteoirí Gaelainne ag dul i laghad le blianta anuas agus de réir daonáirimh 2016 tá 121 cainteoir laethúil Gaelainne lasmuigh den gcóras oideachais i nGaeltacht Uíbh Ráthaigh, sin tuairim is 7% den daonra.
Ciallaíonn sé seo go bhfuil duine as 15 ina chainteoir laethúil Gaelainne agus tá cumas labhartha Gaelainne ag 9 as 15.
Is é an cuspóir atá ag an bPlean Teanga ná líon na gcainteoirí laethúla agus líon na ndaoine a bhfuil cumas labhartha Gaelainne acu a mhéadú chun iad seo a thabhairt do mhuintir Uíbh Ráthaigh:
buntáistí an dátheangachais;
nasc leis an dúthaigh;
fíor-rogha idir an dá theanga.
Tá sé tábhachtach go bhfuil líon suntasach daoine a bhfuil Gaelainn acu lasmuigh den Ghaeltacht ach istigh sa cheantar nádúrtha teangeolaíoch – an ceantar mar atá sé muna mbristear na nascanna atá idir na pobail. Cuirimíd fáilte roimis na daoine sin páirt gníomhach a ghlacadh sna gníomhartha atá ullamhaithe sa Phlean.
Cad atá sa Phlean? What is in the plan?
An tAos Óg:
Clubanna óige
Ócáidí sóisialta leis an teanga a úsáid lasmuigh den seomra ranga
Féilte do dhaoine óga
Tacaíocht do na scoileanna atá ag cur Polasaí don Oideachas Gaeltachta i bhfeidhm.
Tacaíocht do leanaí i scoileanna lasmuigh den Ghaeltacht chun go bhféadfaidís leas a bhaint as an Ionad Lán-Ghaeilge i gColáiste na Sceilge.
Tacaíocht a thabhairt don Aonad Lán-Ghaeilge chun go mbeadh sé ag feidhmiú go dtí leibhéal na hArdteiste agus go múineofaí gach ábhar trí mheán na Gaeilge.
An Teaghlach:
Ócáidí sóisialta do theaghlaigh a thógann clann le Gaelainn
Tacaíocht do thuismitheoirí ar mhaith leo níos mó Gaelainne a labhairt leis na leanaí
Tacaíocht do na naíolanna agus na naíonraí feidhmiú trí Ghaelainn
Deiseanna foghlama do dhaoine fásta:
Grúpaí comhrá
Cúrsaí teanga de shaghsanna éagsúla – fada agus gairid, ginearálta agus saindeartha, príobháideacha agus do chomhlachtaí
Traenáil do thraenálaithe teanga
An Gnó:
Cabhrú le haistriúchán cláracha bia, fógraí, cáipéisí
Cúrsaí saindeartha gairide don bhfoireann
Fógraí ‘Seirbhís trí Ghaelainn’
Ócáidí sóisialta:
Maidineacha caife
Ceolchoirmeacha
Léachtanna
Comhdhálacha
Oícheanta scéalaíochta
Ranganna yoga, rince srl.
An Eaglais:
Cabhrú le níos mó Gaelainne a úsáid sna seirbhísí eaglasta
An Cultúr:
Ceardlanna seanraí traidisiúnta Gaelacha do shean agus óg
Ceolchoirmeacha
Léirithe scannáin
Comórtais litreatha
An Spórt:
Scéim mheantóireachta do na clubanna áitiúla spóirt agus tacaíocht chun go bhféadfadh na clubanna níos mó Gaelainne a úsáid
1,700 Duine – 1,700 Plean Teanga
Tá os cionn 1,700 duine istigh sa Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh agus an toradh is fearr a bheadh ar an bPlean Teanga Chiarraí Theas ná go mbeadh os cionn 1,700 Plean Teanga aonar – go mbeadh Plean Teanga dá gcuid féin ag gach duine in Uíbh Ráthach.
Ní mhaireann teanga i leabhair agus i ngraiméir
Is i ndaoine a mhaireann sí, ionainn féin,
Ins gach aon duine againn.
Agus is é gach aon duine againn
an Ghaeilge.
You are the Irish language
Is tusa an Ghaeilge
Teagmháil:
Oifigeach Pleanála Teanga – Victor Bayda